Aistrithe ag D.Breatnach ó scéal ag Rebecca Black PA24/08/2023
(Achair léitheorachta 3 nóim.)
Tá caomhnóirí ag ceiliúradh tar éis dóibh teacht ar fhianaise gur phóraigh an t-iascaire coirneach in Éirinn don chéad uair le breis agus 200 bliain.
Bhí péire ag pórú ag láthair nead rúnda i gCo. Fear Manach, de réir Fiadhúlra Uladh.
Dúirt an eagras neamhrialtach go raibh an t-éan creiche sainiúil tar éis athchoilíniú go nádúrtha sa cheantar agus gur éirigh leis dhá scalltán ar a laghad a shaolú, b’fhéidir trí chinn – an chéad phéire scaltan fiáine den chineál in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Ba é Giles Knight, comhairleoir scéime feirmeoireachta comhshaoil le Ulster Wildlife, a rinne an fionnachtain.
Tá sé ag breathnú ar an mbeirt phóraithe le trí shéasúr anuas le linn a chuairteanna feirme áitiúla sa cheantar.
“Tá an scéala seo á choinneáil gar do mo bhrollach agam le fada an lá chun sábháilteacht agus leas na n-éan iontach ach soghonta seo a chinntiú,” a dúirt sé.
“In éineacht le mo mhac Eoin, tá mé ag faire ar na héin fásta ag filleadh ar an suíomh céanna ó 2021, mar sin d’fhéadfá a shamhlú go raibh sceitimíní orm ar an nóiméad a chonaic mé trí scalltán agus dhá éan fásta i mbliana.
“Nóiméad cimil-do-shúile a bhí ann, ócáid eisceachtúil; an buaicphointe is mó de mo ghairm bheatha fiadhúlra 30 bliain – cosúil len a theacht ar thaisce atá caillte le fada.
“Le dhá scalltán ar a laghad ag teacht aníos an séasúr seo, is scéal an-rathúil caomhantais é seo agus léiríonn sé éiceachóras bogach sláintiúil le neart gnáthóg agus iasc oiriúnach chun an creachadóir géibhinn seo a thabhairt ar ais chuig ár spéartha agus ag tumadh ins na Locha Fhear Manach.

“Filleadh tuaithe beo i ndáiríre.”
Dúirt Fiadhúlra Uladh gur ceapadh go raibh na hiolair chreiche imithe in éag mar éan goir in Éirinn ag deireadh an 18ú haois mar gheall ar ghéarleanúint chórasach.
Cé gur minic a fheictear iad ar imirce chuig an Afraic Fho-Shahárach agus amach uaithi, ní raibh pórú deimhnithe in Éirinn do-ghlactha go dtí seo, agus Albain ina dhaingean pórúcháin sa RA.
Mhol an Dr Marc Ruddock, ó Northern Ireland Raptor Study Group, an “scéal iontach”.
“Tá na comharthaí agus na radharcanna go léir le blianta beaga anuas ag díriú air seo, ach anois tá fíor-rath póraithe dearbhaithe ar deireadh – nuacht iontach,” a dúirt sé.
Dúirt an tUasal Knight nach nochtfaí láthair an tsuímh le sábháilteacht na n-éan a chinntiú.
“Anois go bhfuil na héin seo ar ais in Éirinn agus ag pórú go rathúil, tá sé ríthábhachtach go bhfágfar faoi shíocháin iad ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag méadú trí phórú bliain i ndiaidh a chéile.
“Creidimid agus tá súil againn go bhféadfadh sé seo a bheith ina thús le ríshliocht éin chreiche,” a dúirt sé.

“Ba ábhar misnigh agus croíúil é an t-úinéir talún, an pobal feirmeoireachta áitiúil agus ár gcomhpháirtithe a fheiceáil ag fáiltiú roimh fhilleadh na n-iolairí.
“Cuirfidh a dtacaíocht leanúnach ar chumas na nglún atá le teacht sult a bhaint as na héin iontacha seo i bhfad amach anseo.”
Ar fud na hÉireann, tá monatóireacht ag eolairí na n-éan creiche, tógáil ardáin neadaithe, agus pleanáil do chláir aistrithe agus athbhunaithe ar siúl le blianta anuas.
A chríoch.