“POLAITIÚ” AN GHAEILGE AGUS AN BASCAIS

Curtha le céile ag Diarmuid Breatnach

(Achar ama á léamh: 5 nóim.)

Do b’é an chóilíneacht a rinneadh teanga na nGaeil a “pholatiú”, mar shompla le Reachtanna Chill Coinnigh, le coinníolacha na Plandála, leis na Péin-Dlíthe agus córas na scollaíochta náisiúnta faoi chóilínteacht Shasana. Is beag dul as bhí ag na hÉireannaigh náisiúnacha ach a dteanga dúchais a pholatiú mar chosaint, mar cheist tarrthála.

(Foinse íomhá: an Idirlíon)

Níor aontaigh an Ídeach agus an Phiarsach ar an gceist céanna agus ceaptar gur éirigh Dubhghlas de hÍde as uachtarántacht an eagrais a bhunaigh sé, Connradh na Gaeilge, dá bharr i 1915. Chuir na Sasanaigh Pádraig Mac Piarais chun báis i 1916 agus cé gur cuireadh an Ghaeilge ins an chéad áit go hoifigiúil ins an Saor Stát, agus de hÍde mar Uachtarán 1 1938, is in éag agus ag cúlú atá an Ghaeilge ag dul ó shin i leith (in ainneoin fás mhór scolaíochta lán-Ghaeilge ar leibhéal na bunscoilíochta agus cúpla bua eile thar na blianta, mar shompla bunú TG4 agus Raidió na Gaeltachta).

Pádraig Mac Piarais, Eagarthóir nuachtán Chonradh na Gaeilge, “An Claidheamh Soluis”. Bhí sé den tuairim gur ceist pholaitiúil chomh maith le cultúrtha a bhí sa Ghaeilge faoi chóilínteacht Shasana. Chuir na Sasanaigh chun báis é i 1916 (Foinse grianghraif: an Idirlíon)

Tá an cheist ós ár gcomhair arís agus chun an fhírinne a rá, níor imigh sí ariamh: polaitiú nó gan polaitiú, nó bás don teanga in ionad polaitiú. Deir scríbhneoirí an ailt thíos gur ceist práinneach sin don Bhascais. Is mar an gcéanna againne é maidir leis an Ghaeilge.

Dubhghlas de hÍde, a bhí i gcoinne “polaitiú” na teanga agus a d’éirigh as uachtarántacht Chonradh na Gaeilge i 1915, eagras a bhunaigh sé in 1892. Ceapadh é mar Uachtarán Stát na hÉireann i 1938. (Foinse grianghraif: an Idirlíon)

Aistriú go Gaeilge den alt i Naziogintza ag Cathal Ó Murchú:

CAITHFIMID TÚSÁITE A THABHAIRT DON BHASCAIS

Is ábhar díospóireachta é polaitiú na Bascaise dúinne inár n-eagraíocht NAZIOGINTZA ó a bunaíodh í.  Tá sé pléite againn agus neart scríofa ag tagairt air, agus anois – tríd an alt seo – chinníomar dul i ngleic leis an gceist seo go díreach.

Ar dtús, ní mór dúinn bheith soiléir faoi bhrí an téarma “polaitiú.”  Teastaíonn uainn bheith soiléir go n-úsáidimid an focal polaitiú ar bhonn náisiúnta, agus nach dteastaíonn uainn ar chor ar bith dul i mbun aighneas polaitíochta ar chlé nó ar dheis, nó bheith claonta le grúpa polaitiúil amháin nó eile.  Tá ár n-aighneas sa réimse seo le stáit na Fraince agus na Spáinne, ar mhian leo a dteangacha a bhrú orainn.  Mar gheall ar athchultúrú éigeantach na Spáinnise agus na Fraincise, agus ar theacht le chéile na bhfórsaí polaitiúla le déanaí, tá Tír na mBascach i mbun dhianphróiseas dínáisiúnaithe, a bhfuil cáineadh déanta go minic. Tá creimeadh ar fheasacht náisiúnach na mBascach soiléir agus díscaoileadh gasta ar siúl ar ár náisiún in aigéan ollmhór na féiniúlachta Franca-Spáinní.

I bpróiseas an asamhlaithe seo, tá stáit na Spáinne agus na Fraince tar éis gach uile uirlis is cleas ar fáil dóibh a úsáid.  Os rud é go dtuigeann siad gurb í an teanga crann taca an náisiúin, bhíodh siad de shíor ag iarraidh bunús na teangan Bascaise a bhaint, ach anois ar bhealach níos slítheanta: in ionad coscú iomlán ar theanga na Bascaise, mar atá déanta acu ar feadh na gcianta, anois tá siad ag rá go mba cheart “dípholaitiú” a dhéanamh ar an teanga Bascaise, ag iarraidh aon luach polaitiúil nó siombalach a bhaint ón mBascais, ag iarraidh teanga aimrid a dhéanamh aisti.  Ní hamháin meáin na Spáinnise, ach neart polaiteoirí, tráchtairí, gníomhuithe sóisialta chomh maith inár náisiún féin atá ag athrá na mana céanna: “níor cheart go ndéanfar polaitiú ar theanga na mBascaise.”

Nach ait gurb iad siúd is mó a bhíonn ag polaitiú (agus ag brú orainn) a dteangacha féin (Airteagal a 3 de Bunreacht na Spáinne: ní mór do áitritheoirí stát na Spáinne bheith eolach ar an teanga Spáinnise; mar an gcéanna le hAirteagal a 2 de Bunreacht na Fraince) atá amhlaidh orthu siúd ag maíomh dúinn nár cheart polaitiú a dhéanamh ar ár dteanga.  Nuair atáimid faoi fhulaingt ó aon leatrom teangan, mar shampla, deirtear linn gan cáineadh poiblí a dhéanamh ar seo, mar gheall go mbeimid ag polaitiú ár dteanga.  Is léir go bhfuil aitheasc “dípholaitaithe” na Bascaise sa tóir ar ghéilleadh ár dteangan.

Ach ní hamháin sin atá i gceist.  Iad siúd gur mhian leo luach ídé-eolaíoch na Bascaise a bhaint, tuigeann siad go maith go bhfuil cruinne siombalach bailithe, roinnt ar luachanna cultúrtha, i bhfocal amháin, Pobal i gceist.  Mar gheall go dtugann an teanga Bascaise ár láthair sa saol, agus muide i láthair mar Bhascaigh.  Le bheith cruinn faoi, is cuid an-bhunúsach an “muid” inár bhféiniúlacht náisiúnta, bunchuid a mhaireann thar na cianta, mar a aistrítear í ó ghlúin go glúin.  Iad siúd gur mhian leo an íde-eolaíocht a bhaint ónár dteanga, tuigeann siad go dtugann an Euskera féiniúlacht ar leith agus i gcoitinne dúinn: ar leith sa chaoi gur Euskaldunes (cainteoirí Bascaise) sinne, agus i gcoitinne sa chaoi go ndéanann an teanga Bascaise náisiún dúinn.  Is de dheasca na hEuskera a thugtar ainm agus croí do Thír na mBascach.

Iad siúd gur mhian leo an luach ídé-eolaíocht a bhaint ón mBascais, abraimís go soiléir é, is mian leo ár ndínáisiúnú: is mian leo an ghné is éifeachtaí a bhaint ónár dteanga, is mian leo an déthéarmach “Euskara-Euskal Herria” a scrios agus teanga ár dtíre a aistriú go rud éigin gan dochar nó neodrach ar nós gur Béarla nó Esperanto bheith ann, rud éigin gan anam.  Dar leo siúd, bheith gonta faoi, níor cheart go mbeadh teanga Thír na mBascach ceangailte an iomarca le Tír na mBascach féin.

Ag tabhairt aghaidh ar seo, dearbhaímid go soiléir go mba cheart meá pholaitiúl, fhéiniúlach agus shiombalach a thabhairt don Euskara. Go mba cheart dúinn polaitiú a dhéanamh ar an mBascais, mar sin, os rud é gur cuid bhunúsach mar náisiún é.

Bímis soiléir faoi rud amháin: ní bhaineann an Bhascais le haon pháirtí polaitiúil amháin nó le haon ídé-eolaíocht ar leith.  Ní hea ar chor ar bith.  Ach ní hionann sin agus ceart ar dhípholaitiú ar an mBascais.  Is é sin díreach an aidhm atá ag náisiúnuithe na Fraince agus na Spáinne gur mhian leo náisiúnachas na mBascach a lagú, agus mar aidhm ag Bascaigh áirithe gur mhian leo nach bagairt a bheith ann i gcoincheap na teangan.

Tuigeann aontachtuithe na Spáinne agus na Fraince go maith nuair a labhraímid Bascais go bhfuilimid ag cur ár bhféiniúlacht náisiúnta in iúl.  Tá uisce faoi thalamh i gceist leis an iarratas gan polaitiú a dhéanamh ar an mBascais: ná cur an teanga agus an fhéiniúlacht Bhascach in iúl — tá sé contúirteach.  Mar gheall ar an gcúis seo, ina n-iarrachtaí luach ídé-eolaíoch na hEuskera (nó an Chatalóinis nó an Ghailísis) a bhaint, is minic a deireann Spáinnigh arís is arís eile “go bhfuil teangacha mar bhunuirlisí cumarsáide.”  Ní hionann teangacha neamh-Spáinnise na Leithinse Íbéirí, ar ndóigh.  Mar nuair a labhraíonn siad faoina dteanga féin, deireann Spáinnigh go mbaineann an Spáinnis le hoidhreacht luachmhar na gcainteoirí Spáinnise uile, ceann a chruthaíonn naisc láidre chultúrtha is mhothúchánacha idir an Spáinn agus Méiriceá Theas (tá an lá Féile na Spáinnise ar siúl ag an 12ú Deireadh Fómhair, Lá an “Hispanidad”, is féidir an rud céanna a rá faoin “Francophonie”).  Ach ní hea, tuigimid go maith nach bhfuil teangacha mar uirlisí simplí cumarsáide.  Tá teangacha mar bhunchodanna i gcruthú na bhféiniúlachtaí bailithe, tá siad mar chodanna a chruthaíonn naisc chultúrtha agus mhothúchánacha idir a gcainteoirí.  Mura bhfuil sna teangacha ach uirlisí cumarsáide, bheimís go léir ag labhairt Béarla.

An Korrika (Rith) débhliantúil chun an Bascais a chur chun cinn, eagraithe ag AEK, eagras chun Bascais a mhúineadh do dhaoine fásta. (Foinse grianghraif: an Idirlíon)

Cibé áit a bhfuil teanga, tá féidearthacht ann do náisiún freisin.  Chomh maith le teangacha, is í feasacht i gcoitinne a n-áitritheoirí a chinnteoidh bunú an náisiúin sin. Mar sin, tá comhpháirt pholaitiúil na teangan soiléir — agus iad siúd gur mhian leo uallach pholaitiúil a bhaint ón mBascais, tuigeann siad go maith é seo.

Is oth an port céanna a gcaitear orainn a chloisteáil ó chuid den saol náisiúnach Bhascach: “ní cheart dúinn polaitiú a dhéanamh ar an teanga Bascaise.”  Iad siúd a deir seo, ní labhraíonn siad Bascais go rialta.  Baineann siad feidhm as an mBascais chun chur i gcéill, agus labhraíonn siad Spáinnis agus Fraincis ar a sáimhín só gan aon spéis ar leith.  Ach ba cheart do gach Bascach a bhfuil grá ina c(h)roí do Thír na mBascach tábhacht na teangan i múnlú an náisiúin a thuiscint, agus an difríocht idir Euskal Herria on Spáinn nó ón bhFrainc a aithint, a bpríomhghné, a dteanga, teanga na Bascaise.  An bhfuil orainn an fhianaise chuspóireach a cheilt?

Mar sin, ní féidir luach lárnach simplí a thabhairt don Bhascais, mar atá déanta i roinnt dár scoileanna.  Mar atá tugtha don Bhéarla, mar shampla.  Tá sé ríthábhachtach do mhic léinn i dTír na mBascach a thuiscint go bhfuil an Bhascais mar chrann taca dár bhféiniúlacht i gcoitinne, leis an mbrí iomlán a bhaineann leis.  Sa réimse seo, ní mór dúinn polaitiú a dhéanamh ar theanga na Bascaise, mar atá luaite againn cheana.  Ach labhróimid faoi sin go mion in alt eile maidir lenár samhail oideachasúil.

Gan amhras ar bith, ní mór an Bhascais a pholaitiú.  Ar an lámh amháin, le polasuithe uaillmhianacha teangan a chur i bhfeidhm a gceadaíonn dúinn seasamh débhéascna ár dteangan a shárú.  Agus ar an lámh eile, a shoiléiriú nach uirlis shimplií chumarsáide an Euskera amháin, ach an comhartha is follasaí a léiríonn an éagsúlacht ag Euskal Herria ó náisiúin eile na Cruinne.

A chríoch.

(Foinse grianghraif: an Idirlíon)

(Eagras Bascach neamhspleach ar dhreamanna polaitiúla is ea Naziogintza a bhfuil mar chuspóir aici an Bhascais a chur chun cinn mar chuid lárnach de náisiún Euskal Herria. Déantar staidéar ar chásanna teangachaí náisiún atá faoi láthair gan stát dá gcuid féin)

One thought on ““POLAITIÚ” AN GHAEILGE AGUS AN BASCAIS

  1. Pingback: “POLAITIÚ” AN GHAEILGE AGUS AN BASCAIS — rebelbreeze – Tuairisceoir an Dúin

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s