Diarmuid Breatnach
(Achar ama léite: 2 nóim)
Tá reilig i mBaile Átha Cliath a bhfuil breis agus míle bliain aici, agus crois ann a tartháladh ó loiteadh Chromail. Ach tá cuid de mhuinntir na h-áite mí-shásta leis an saghas cúram a bhfuil Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag tabhairt di agus táid ag iarraidh iad féin a bheith freagrach as cúram na reilige.
Tá Reilig Naomh Channaithe suite díreach siar ón débhealach a ghearrann trí Fhionnghlas agus shéipéil.
“Tá uaimheanna ann do na h-uaisle áitiúla — teaghlach Maffett — atá daingnithe anois”, adeir Joe Lynch ag caint i mBéarla, “chun cosaint a dhéanamh ar robálaithe uaighe. Tá tuamaí cófra ann do na sagairt a fuair bás agus easpaig, agus cinn cloiche simplí do na comóntóirí.”
Bhí athair Joe Lynch mar airíoch ar an reilig agus bhí teaichín aige cois reilige dá bharr; b’ann a tógadh an clann páiste, Joe san áireamh. “Thugtaí isteach mé chuig an reilig i mbarra rotha,” adeir Joe, ‘agus mé ceithre bliain d’aois. Agus bheinn ag iarraidh cabhrú nuair a ligfí amach mé.”
NAOMH CAINNECH
B’ab, sagart agus misinéir Éireannach é Cainnech (515 / 16-600) as Achadh Bhó ins an Condae ainmnithe ar a shon, Cill Chainnigh chomh maith le bunaitheoir mainistreach i rith na luath-mheánaoise. Tugtar “Saint Canice” air i mBéarla in Éirinn, “St. Kenneth” in Albain nó “St. Kenny” agus i Laidin “Sanctus Canicus”. Tá an Cainneach ar cheann de Dháréag Aspal na hÉireann agus rinneadh sé seanmóireacht ar an gCríostaíocht ar fud na tíre agus ar na Cruithnigh in Albain. Scríobh sé tráchtaireacht ar na Soiscéil, ar a tugadh Glas-Chainnigh nó “Lock Kenneth” nó “Slabhra Chainnigh” ar feadh na gcéadta bliain.
Tá an chuid is mó dá bhfuil scríofa faoi shaol Cainnech bunaithe ar thraidisiún, ach measadh go raibh sé ina fhear le dea-cháil, le solabharthacht mór agus le léann. I 544 rinne sé staidéar faoi Mobhí Cláraineach i scoil Ghlas Naíon, le Ciarán as Cluain Mhic Nóise agus Comgall de Bheannchar. Nuair a scaip plá an pobal sin, chuaigh sé go mainistir Cadoc i Llancarfan i Glamorganshire sa Bhreatain Bheag, áit ar ordaíodh ina shagart é i 545.
Tá tagairt dá ainm luaite i sé logainm déag ag Wikipedia: in Éirinn, sa Bhreatain Bhig, in Albain, ins na SAM, san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. Déantar comóradh ar a lá féasta an 11ú Deireadh Fómhair san Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus in Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir de réir a gcuid féilirí faoi seach (Gregorian nó Church Julian) le laethanta féasta breise an 1d nó 14ú Lúnasa in Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir.

MEITHEAL OIBRE
Bhí meitheal oibre ann sa Reilig trathnóna Déardaoin seo chaite agus iad ag baint fiadhaile agus féir, ag gearradh driseacha, eidhneáin is a leithéid. Bhí na préamhacha go doimhin in áiteanna agus ba léir nach ndearna cóiriú ceart le tamall fada. “Tá an eidhneán ag clúdú ballaí an fhothrach agus de réir a chéile ag déanamh dochar dó. Is ón 10ú nó 12ú Céad an cill agus ba cheart na ballaí a chaomhnú,” adúirt ball den chumann staire áitiúil.
“D’úsáid teaghlaigh Protastúnacha agus Caitliceacha an reilig,” adeir Joe, “lucht creidimh amháin ag teacht isteadh geata amháin agus an geata eile ag an gcreidimh eile. Ach ní gá dúinn an dá gheata anois agus táim ag tathant ar an gComhairle an geata eile a tháthú le fada.”
Deir lucht an chaomhnaithe go ndearnadh an crois ársa a roinnt i gcodanna sa 17ú Céad ionnas go bhféadfaí a chur i bhfolach nuair a chuala go raibh fórsaí Chromail le teacht thríd an dúiche, de fhaitíos go ndéanfadh siad an siomból a scrios mar a bhí á dhéanamh acu ar fud na tíre (ag iarraidh “íoldadhradh” a ruaigeadh). Thóg na fórsaí céanna bóthar eile ach d’fhan píosa na croise i bhfolach go ceann breis agus 160 bliain, go dtí go ndeachadh an t-urramach Walshe á lorg thrí bhéaloideas na h-áite agus tháinig air, ach níor fuarthas bun na croise go dtí seo.
Tá an crois céanna sa Reilig anois agus glacadh ag cumainn áitiúla mar siomból na dúiche. De réir Joe Lynch tá an Comhairle Cathrach ag iarraidh an crois a bhailliú as an reilig ach tá sé féin agus daoine eile ag iarraidh go bhfágfaidh ann é agus cúram na Reilige a fhágáil ag muinntir na h-áite.
Tá meithil eagraithe chun oibre ag an reilig trathnónta Sathairn agus oícheannta Déardaoine agus tuilleadh eolais ar leathanach Facebook na reilige.

FOINNSÍ:
https://en.wikipedia.org/wiki/Cainnech_of_Aghaboe
https://www.facebook.com/St-canices-graveyard-105954865096973/
APPENDIX:
English translation:
ST CANICE’S CEMETERY IN FINGLAS – “LET US HAVE THE RESPONSIBILITY”
Diarmuid Breatnach
(Reading time: 2 mins)
There is a cemetery in Dublin that is over a thousand years old, containing a cross that was salvaged from Cromwell’s destruction. But some locals are unhappy with the kind of care that Dublin City Council is giving it and want to take responsibility for the care of the cemetery.
St. Canice’s Cemetery is located just west of the dual carriageway which cuts through Finglas and churches.
“There is a crypt for the local esquires, the Maffett family – now cemented,” says Joe Lynch, “to protect it from grave robbers. There are chest tombs for the dead priests and bishops, and simple headstones for the commoners. ”
Joe Lynch’s father was caretaker of the cemetery and had a cottage next to it; it was where Joe was raised as a child. “I was taken to a cemetery in wheelbarrow,” says Joe, “when I was four years old. And I would want to help when I was let out.”

SAINT CANICE
Cainnech (515 / 16-600) was an Irish abbot, priest and missionary from the county named after him, Kilkenny, and the founder of an early medieval monastery. He is called “Saint Canice” in English in Ireland, “St. Kenneth” in Scotland or “St. Kenny” and in Latin “Sanctus Canicus”. Canice is one of the Twelve Apostles of Ireland and preached Christianity throughout the country and to the Picts in Scotland. He wrote a commentary on the Gospels, known as “Lock Kenneth” or “Chain of Canice” for centuries.
Most of what is written about Kenny’s life is based on tradition, but he was considered a man of good repute, great eloquence and learning. In 544 he studied at St. Mobhi’s in Glasnevin, with Ciarán of Clonmacnoise and Comgall of Bangor. When the plague spread, he went to Cadoc Abbey in Llancarfan in Glamorganshire, Wales, where he was ordained a priest in 545.
Wikipedia connects his name to sixteen placenames: in Ireland, Wales, Scotland, the USA, Australia and New Zealand. His feast day on October 11th is commemorated in the Roman Catholic Church and the Eastern Orthodox Church according to their respective calendars (Gregorian or Church Julian) with additional feast days on the 1st or 14th of August in the Eastern Orthodox Church.
WORKING GROUP
A “meitheal”, a cooperative work party was at work last Thursday afternoon pulling weeds, cutting grass, brambles and ivy. The roots were deep in places and it was clear that site had not been properly tended for a long time. “The ivy is covering the walls of the ruin and gradually damaging them. The church dates from the 10th or 12th Century and the walls should be preserved,” said a member of the local historical society.
“The cemetery was used by Protestant and Catholic families,” says Joe, “one group entering one gate and the other faith at the other. But we don’t need both gates now and I’ve been at the Council to weld the other gate for a long time. ”
Conservationists say the ancient cross was divided into parts in the 17th Century so that it could be hidden when they heard that Cromwell’s forces were coming through the area, for fear of their destroying the symbol as was being done all over the country (to banish “idolatrous worship”). The same forces traveled another route instead but the pieces of the cross remained hidden for over 160 years, until the reverend Walshe investigated local folklore and found it, but the base of the cross has not been found to date.
The same cross is now in the Cemetery and has been accepted by local societies as a symbol of the district. According to Joe Lynch the City Council is trying to remove the cross from the cemetery but he and others want it to remain there and the care of the Cemetery to be left to the local people.
The cemetery has a working group organized on Saturday evenings and Thursday evenings, more information on the cemetery ‘s Facebook page.

